Is é “The Dubliner” an t-aon beár agus bialann Éireannach in Thessaloniki atá 100% faoi úinéireacht Éireannach. In áit álainn atá sé suite, sa Ladadika, i gcroílár na cathrach.
Tá clú agus cáil ar tithe tábhairne Éireannaigh ar fud an domhain; as a gcairdiúlacht, a bhfáilte croíúil, a seirbhís iontach agus as ardchaighdeán a mbia agus deoch. Ní haon eisceacht é “The Dubliner”. Is é an aidhm atá againn ná fáilte Uí Cheallaigh, traidisiúnta agus barántúil, a chur romhat in áit comhaimseartha.
Leis an t-adhmad galánta taobh istigh, an beár 11 mhéadar ar fad, na suíocháin compórdacha agus ár “snug”, cuireann an dearadh i gcuimhne duit Oileán Iathghlas Éireann. San am céanna baineann an ceol nua-aimseartha agus an bia agus deoch le hÉireann don lá atá inniu ann.
Tá biachlár den chéad scoth againn, leis na béilí traidisiúnta is fearr linn in Éirinn, mar shampla, Píog Stéige le Guinness, Ispíní le Brúitín, ár mBurgair cáiliúla 100% baile nó Iasc agus Sceallóga traidisiúnta. Tá béilí nua-aimseartha againn, áfach, atá an-tionchar ag bia Meánmhuirí orthu, mar shampla, Filléad Bradáin Friochta, Saléad le Cáis Gabhair Manouri agus go leor leor eile. Féach ar ár mbiachlár anseo agus bain sásamh as!
Tá bailiúchán deochanna mór againn as Éireann agus thar lear – na cinn is fearr linn ná Jameson Whiskey chomh maith le Guinness agus beoir Kilkenny. Cinntíonn an fhoireann bainistíochta as Éireann go bhfuil ár dtairgí go léir stóráilithe agus líonta ar na caighdeáin is airde.
Bíonn na mórimeachtaí spóirt go léir á theaspáint againn ar na scaileáin móra, le tráchtaireacht de réir mar is cuí. Chomh maith leis sin, cuireann ceol beó siamsaíocht ar fáil do gach éinne.
Bí linn i “The Dubliner” sa Ladadika agus cuirfimid fáilte is fiche romhat.
Céad Mile Fáilte agus Sláinte!
Foireann “The Dubliner